1 Eoin 5:21 - An Bíobla Naofa 1981 Eisean an fíorDhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) A pháistí mo chroí, seachnaígí na híola. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is é an fír‐Dhia, agus an bheatha mharthannach é seo. A chlann bheag, coimheádaidh sibh féin ar íodhalaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A chlann bheag, coimhéuduigh sibh féin air iodhaluibh. Amén. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Eisean an fíor-Dhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola. |
Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus d'éirigh siad suas chun spóirt.”
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.
Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”
Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.