Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia.
1 Eoin 4:13 - An Bíobla Naofa 1981 Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is air seo a aithnímid go bhfuilimid inár gcónaí ann agus é ionainn, ó bhronn sé roinnt dá Spiorad féin orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is air so aithnighmíd go gcómhnuighmíd ann, agus go gcómhnuigheann seisean ionnainn, de bhrigh gur roinn sé a spiorad linn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is as so aithnighemíd sinn do bheith ar gcómhnuighe annsan, agus eisean ionnuinne, do bhrígh go dtug sé dhuinn tiodhluice na Sbioruide. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin. |
Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia.
Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh
Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.
An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.