Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Leabhar Eistir (Gréigis) 1 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Leabhar Eistir (Gréigis) 1

1

1
1aSa dara bliain de réimeas Aisiuéaróis Mhóir, ar an gcéad lá de Níosán, rinneadh taibhreamh do Mhordacaí mac Iáír, mac Shímeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin.1bGiúdach ab ea eisean, agus bhí cónaí air i gcathair Shúsa; fear tábhachtach ab ea é agus bhí ardghradam aige i gcúirt an rí.1cDuine ab ea é de na cimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis ó Iarúsailéim mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia.1dSeo é a thaibhreamh:
Féach! Bhí glórtha agus clampar, toirneach agus creathanna talún agus callóid ar fud na cruinne. 1eAgus féach! Tháinig dhá dhragún mhóra amach agus iad réidh chun catha a chur ar a chéile agus ba mhór í a mbúir.1fNuair a chualathas a nglór réitigh gach cine iad féin chun cogadh agus cath a chur ar chine na bhfíréan.1gAgus b'shin é lá an dorchadais agus an dainséir, lá na hanacra agus na hanbhainne, nuair a bhí eagla agus suaitheadh ina luí ar an talamh.1hTháinig buaireamh mór ar chine na bhfíréan go léir, le heagla roimh na hoilc a bhí ag bagairt orthu, agus bhí coinne acu leis an mbás; ansin ghlaoigh siad chun Dé.1iAgus as a nglao rinneadh mar a bheadh abhainn mhór, tulca uisce, as tobar beag.
1jD'éirigh an ghrian gona lánsoilse, agus ardaíodh lucht na huirísle agus shlog siad lucht na caithréime.1kAr fheiceáil an taibhrimh sin do Mhordacaí, d'éirigh sé agus rinne a mhachnamh ar an scéal agus bhí sé ar a dhícheall ar feadh an lae go hoíche ag iarraidh a fháil amach cad ba chiall leis.
1lBhí cónaí ar Mhordacaí sa chúirt in éineacht le Bigteán agus Teiris beirt de choillteáin an rí a bhí ag faire na cúirte.1mChuala sé ag caint iad, agus rinne sé fiosrú ar a bpleananna agus fuair amach go raibh sé á bheartú acu lámh dhearg a imirt ar an rí Aisiuéaróis; d'inis sé don rí fúthu.1nRinne an rí an bheirt choillteán a cheistiú go géar; d'admhaíodar a gcion agus cuireadh chun báis iad.1oBhreac an rí féin tuairisc ar na nithe sin ar phár ina annála agus scríobh Mordacaí síos a chuimhne ina dtaobh chomh maith.1pAnsin cheap an rí Mordacaí in ardghradam sa chúirt agus bhronn tíolacthaí air de bharr a ndearna sé.1qAch Hámán mac Hamadátá an Búgaech, bhí meas mór ag an rí air agus bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh díobháil a dhéanamh do Mhordacaí de bharr beirt choillteán an rí.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart