Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Eagna 19 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Eagna 19

An Mhuir Dhearg

1 Ach d'ionsaigh díbheirg neamhthrócaireach na héagráifigh go bun an angair, mar bhí a fhios [ag Dia] roimh ré céard a dhéanfaidís:

2 Is é sin, go gceadóidís do do phobal imeacht agus go seolfaidís uathu iad gan mhoill ar dtús, ach ansin go dtiocfaidís ar mhalairt intinne agus go rachaidís sa tóir orthu.

3 Óir, cé go raibh siad gafa fós ag na gnása adhlactha, agus ag déanamh mairgní ar bhruacha uaigheanna na marbh, tharraing siad chucu scéim bhaoth eile: mar atá, na daoine a raibh siad tar éis a iarraidh orthu mar ghrásta imeacht a thóraíocht mar theifigh.

4 Is amhlaidh a bhí cinniúint éigin, a bhí tuillte acu, á mbrú i dtreo na críche déanaí seo agus ag tabhairt orthu dearmad a dhéanamh ar a raibh tar éis titim amach dóibh cheana féin, ionas go bhfulaingeoidís roimh [a mbás] an t‑aon phionós amháin dá bpianpháis a bhí fágtha,

5 agus chun go ndéanfadh do phobal féin turas trasna míorúilteach ach go bhfaigheadh an dream eile úd bás éagsúlach.

An Nádúr

6 Óir bhí an chruthaíocht uile á dealbhú féin as an nua ina nádúr agus ag géilleadh do d'aitheanta ionas go gcoimeádfaí do chlannsa slán ó dhochar.

7 Chonacthas an scamall ag caitheamh scáile ar an gcampa agus talamh tirim ag éirí aníos mar a raibh uisce roimhe sin; rinneadh bealach gan bhac den Mhuir Rua agus machaire féarmhar den fharraige fhraochmhar

8 trínar ghabh an náisiún go léir a bhí faoi dhídean do láimhe, in aon bhuíon amháin, tar éis dóibh éachtaí iontacha a fheiceáil.

9 Ansin bhí siad ag ceáfráil ar nós capall ar féarach, agus ag léim timpeall cosúil le huain agus iad do do mholadh, a Thiarna, mar is tusa a d'fhuascail iad.

10 Ba chuimhin leo go fóill an saol eachtrach a chaith siad le linn a ndeoraíochta: conas mar a thug an talamh corrmhíolta uaidh in ionad ainmhithe, agus mar a sceith an abhainn lear mór froganna in áit báirí eisc,

11 agus mar a chonaic siad cineál nua d'éanlaith ina dhiaidh sin nuair a d'iarr siad sócamais le haonchorp suthaireachta.

12 Óir, chun sásamh a thabhairt dóibh, tháinig na gearra goirt isteach chucu ón bhfarraige.

Na hÉigiptigh Ciontach

13 Imríodh díoltas ar na peacaigh, ach ní dhearnadh é gan rabhadh a thabhairt dóibh roimh ré trí dhéine na gcaor tine. Go deimhin, de dheasca a gcoireanna féin, is le ceart a bhí pianpháis á fulaingt acu; óir ba nimhní ná aon fhuath a bhí ann riamh roimhe sin, an ghráin dhearg a bhí acusan ar a n‑aíonna.

14 Is amhlaidh a bhí daoine eile ann tráth, nach ndearna ach diúltú glacadh le strainséirí nuair a tháinig siad ar cuairt chucu; ach rinne an dream seo sclábhaithe d'aíonna, a bhí tar éis comaoin a chur orthu.

15 Ach ní hé sin amháin é. Óir, cibé ar bith maolú pionóis a bheidh ann, bainfidh an chéad dream leas as mar ní raibh siad ach ag doicheall roimh allúraigh.

16 Ní amhlaidh sin don dara dream, áfach. Óir chuir siadsan fáilte agus fleá roimh do phobal agus bhronn siad orthu na cearta céanna agus a bhí acu féin; ach ansin chiap siad iad le daoroibreacha dianmhaslacha.

17 Ar nós an chéad dreama a bhí ina seasamh ag doras an fhíréin, baineadh radharc na súl den dara dream freisin, ach thit dorchadas chomh tiubh leathan sin orthu go raibh gach uile dhuine acu ag amarcaíl ar lorg a dhorais féin.

Cló Nua ar an Dúlra

18 Óir comhcheanglaíodh na dúile le chéile i slite éagsúla, go díreach mar a atheagraítear nótaí na cruite chun foinn le rithimí nua a dhéanamh, ach gan nóta díobh a airde cheart féin a chailleadh. Sin é an tátal soiléir atá le baint as iniúchadh a dhéanamh ar a bhfuil tar éis titim amach.

19 Óir rinneadh ainmhithe uisce de bheithígh thalún, agus d'aistrigh snámhairí leo go talamh tirim.

20 Go fiú san uisce, choinnigh an tine a gnáthfhuinneamh féin, agus rinne an t‑uisce féin dearmad ar a éifeacht mhúchta.

21 Ar an taobh eile de, theip ar na lasracha feoil na n‑ainmhithe somhillte a bhí ag gabháil timpeall ina measc a ídiú; agus ní mó ná sin a leáigh siad an bia oighearchruthach soleáite neamhaí.

Críoch

22 Óir, ar gach uile shlí, a Thiarna, thug tú ardréim agus gradam do do phobal, agus níorbh fhaillí duit gan seasamh leo riamh agus i gcónaí i ngach aon bhall.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart