Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Eagna 17 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Eagna 17

Dorchadas agus Solas

1 Is mór iad do bhreithiúnais, a Thiarna, agus tá sé deacair iad a léirmhíniú; sin é an fáth a ndeachaigh na dubh-ainbhiosáin ar strae.

2 Óir, nuair a shíl lucht na míréire an náisiún naofa a choinneáil faoi smacht, rinneadh priosúnaigh an dorchadais agus cimí na hoíche fada díobh, agus bhí siad ina luí faoi ghlas faoi dhíonta a dtithe féin mar theifigh ó oirchill shíoraí Dé.

3 Mar, díreach nuair a bhí siad ag ceapadh nach dtabharfaí a bpeacaí rúin faoi deara, toisc iad a bheith folaithe faoi bhrat dubh na díchuimhne, cuireadh scaipeadh na mionéan orthu, agus bhí siad ar aon bharr amháin creatha agus iad á scanrú ag na nithe a bhí á dtaibhreamh dóibh.

4 Fiú amháin na seomraí cúil ina raibh siad níor chosain siad ar an imeagla iad; bhí fuaimeanna scéiniúla ag plimpíl ina dtimpeall; thaispeáin taibhsí cromshúileacha gruama iad féin dóibh;

5 ní raibh sé de chumhacht ag tine ar bith solas a sholáthar dóibh, ná níor fhéad gathanna geala na réaltaí an oíche dhúdhorcha úd a shoilsiú ach oiread.

6 Ní raibh ag lonrú orthu tríd an dorchadas ach bladhairí scanrúla a las suas uathu féin. Le neart an anbhá a chuir an fhís dhoiléir sin orthu, cheap siad go raibh na nithe a chonaic siad níos measa ná mar a bhí siad dáiríre.

7 Bhí cleasaíocht a gcuid draíochta gan éifeacht; agus an chlisteacht a mbídís ag maíomh aisti cáineadh go feanntacht fonóideach í.

8 Óir, an dream a thug orthu féin eagla agus buairt a dhíbirt ón anam tinn, bhí siad féin chomh tinn sin de dheasca a n‑imní go ndearnadh ceap magaidh díobh.

9 Óir, d'ainneoin nach raibh aon arrachtach ann chun iad a scanrú, chuir gluaiseacht feithidí agus sioscarnach nathrach scaoll iontu;

10 bascadh go hiomlán iad le corp critheagla agus iad ag diúltú fiú amháin aghaidh a thabhairt ar an aer féin, rud nach féidir éalú uaidh áit ar bith.

11 Is meata an ní í an mhallaitheacht inti féin agus daortar ar a fianaise féin í. Faoi bhrú a coinsiasa, bíonn sí ag déanamh áibhéile i gcónaí ar na tubaistí a bhíonn ag bagairt uirthi.

12 Óir níl san eagla ach tréigean na cabhrach a sholáthraíonn an réasún;

13 nuair a laghdaítear ón taobh istigh de dhuine an tsúil atá aige le cúnamh, is mó a ghoilleann sé air é bheith aineolach faoi fhíorchúis na hainnise.

14 Mar sin de, i rith na hoíche sin, nach raibh cumhacht dá laghad aici, agus a bhí tar éis teacht aníos orthu ó phrochóga ifrinn éagumasaigh, chodail siad go léir ar an gcuma chéanna;

15 uaireanta, bhí siad á dtiomáint ag taibhsí urghránna; uaireanta eile, bhí siad ina staic toisc gur chlis a n‑anamacha orthu; óir, i dtobainne, bhuail eagla iad nach raibh coinne acu léi.

16 Cibé ar bith duine a bhí ann, mar sin, thit sé ar lár mar a raibh sé agus bhí sé á choimeád mar chime i gcarcair gan ghlas.

17 Cibé acu a bhí sé ina fheirmeoir nó ina aoire, nó ina fhear oibre a bhí ag saothrú san fhásach, gabhadh é agus b'éigean do an t‑angar dosheachanta a fhulaingt; óir bhí siad go léir cuibhrithe le haon slabhra amháin dorchadais.

18 Agus cibé acu siosarnach na gaoithe, nó ceol binn na n‑éan sna crainn leathanghéagacha, nó monabhar tomhaiste srutháin mhearchúrsaigh, nó tormán toll cloch ag titim hé haill,

19 nó trostal trom ainmhithe dofheicthe ar léim lúith, nó búiríl agus béiceach beithíoch garbhallta, nó macalla a frithchaitheadh ó ascaillí na gcnoc a bhí ann, rinneadh staic díobh go léir le teann imeagla.

20 Bhí an saol go léir á shoilsiú le solas geal agus ag dul i mbun a ghnóthaí gan chosc gan cheangal.

21 Is thar an dream eile úd amháin a leath an oíche thromdhorcha, samhail den dorchadas a raibh sé i ndán dó glacadh leo; ach is mó a bhí siad féin ina dtrillín orthu féin ná mar a bhí an dorchadas.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart