Níl Iosrael Ciontach Ann1 Is cneasta, dílis, fadfhulangach thú, a Dhia linn, agus rialaíonn tú a bhfuil ann le barr trócaire. 2 Má pheacaíomar féin, is leatsa sinn agus is eol dúinn do chumhacht; ach ní dhéanfaimid aon pheacaí feasta, mar is eol dúinn go n‑áirítear sinn ar do mhuintir. 3 Óir is í iomláine na fíréantachta í aithne a bheith ag duine ort; agus is í fréamh na neamhbhásmhaireachta í eolas a bheith ag duine ar do chumhacht. 4 Níor chuir aon dealbh bhaothealaíonta daoine amú sinn ná aon saothar díomhaoin péintéirí ná íomhá éigin a bhí smeartha le dathanna éagsúla, 5 sa chaoi, nuair a fheiceann amadán éigin iad, go músclaítear antoil bhuile ann agus go gcuireann sé dúil i gcruth neamhbheo deilbhe mairbhe. 6 Na daoine a dhéanann na híola seo, agus a chuireann dúil iontu, agus a thugann adhradh dóibh, gránn siad an t‑olc agus tá sé tuillte acu gan aon ní níos fearr ná iad a bheith acu a d'fhéadfaidís a muinín a chur astu. Is Baoth iad Lucht Déanta Íol7 Agus seo sampla eile fós: Fuineann an criadóir an chré bhog le mórán dua; ansin múnlaíonn sé gach sort árthaigh aisti mar áis dúinn; is as an gcnap céanna cré a mhúnlaíonn sé ní amháin na hárthaí a fhónann do ghnóthaí glana ach na cinn freisin a mbaintear malairt feidhme astu; mar sin féin, is ar an gcuma chéanna a dhéantar iad go léir. Is é an potaire féin, áfach, a shocraíonn cé acu de na feidhmeanna seo a bhíonn ag gach árthach díobh. 8 Ansin le dua éigríonna múnlaíonn sé dia díomhaoin as an gcré chéanna, siúd is gur fear é féin a rinneadh as an talamh tamaillín roimhe sin, agus a fhillfidh arís ar ball beag ar an talamh ar tógadh as é, nuair a iarrfar air an t‑anam a fuair sé ar iasacht a thabhairt ar ais. 9 Ach is róchuma leis-sean go bhfuil an bás i ndán dó, ná gur gearr é an saol a bheidh aige abhus. Is amhlaidh a théann sé ag iomaíocht le hórcheardaithe agus le gaibhne geala, agus déanann sé aithris ar ghaibhne copair agus ceapann sé gur mór an clú dó é dealbha bréige a mhúnlú. 10 Tá a chroí ina luaithreach, is suaraí ná an chréafóg a dhóchas, agus is anuaisle ná an láib féin a bheatha. 11 Óir ní aithnid dó an té a mhúnlaigh é, agus a shéid anam bíogúil isteach ann agus a chuir anáil na beatha faoi. 12 Is amhlaidh a mheasann sé nach bhfuil inár saol ach siamsa agus gurb ionann ár mbeatha agus aonach brabachóireachta. “Óir ní foláir do dhuine,” deir sé, “brabach a dhéanamh ar ais nó ar éigean.” 13 Is eol don fhear seo thar aon duine eile go bhfuil peaca á dhéanamh aige, nuair a dhéanann sé árthaí sobhriste agus íola as cré na talún. Baois na nÉigipteach14 Naimhde uile do phobailse, iad siúd go léir a d'imir ansmacht orthu, tá siad an-díchéillí ar fad agus is truamhéilí ina meon iad ná naíonán somheallta. 15 Mar cheap siad gur dhéithe iad íola uile na bpágánach, d'ainneoin go bhfuil súile acu nach bhfeiceann agus polláirí nach dtarraingíonn anáil agus cluasa nach n‑éisteann agus meara nach mothaíonn agus cosa nach féidir leo siúl. 16 Óir is duine daonna a rinne iad agus neach ar tugadh a anam ar iasacht dó a mhúnlaigh iad; níl sé ar chumas aon fhir bheo dia a dhealbhú a bheidh cosúil leis féin. 17 Mar tá sé féin so-mharaithe, agus is marbh é an rud a dhéanann sé lena lámha go mídhleathach. Óir is fearr é féin ná na nithe a adhrann sé; ar a laghad ar bith tá seisean beo; ní bheidh siadsan beo go deo. Oirchill Dé le linn na bPlánna Ainmhithe Díobhálacha, Gearra Goirt18 Adhrann [naimhde do phobailse] ainmhithe, agus go fiú na hainmhithe is gráiniúla ina measc; nuair a mheastar na hainmhithe seo ó thaobh na héigéille de, is measa iad ná na hainmhithe eile go léir. 19 Fiú amháin mar ainmhithe, níl dealramh chomh dathúil sin orthu go gcuirfeadh aon duine dúil iontu; thairis sin, níor tháinig moladh nó beannacht ó Dhia riamh ina dtreo. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart