1 Óir tá do spiorad domhillte féin i ngach uile ní. 2 Beagán ar bheagán, mar sin, ceartaíonn tú na daoine a dhéanann peacaí; cuireann tú a gcionta i gcuimhne dóibh agus tugann tú rabhadh dóibh fúthu d'fhonn go scarfar iad ón olc agus go gcuirfidh siad a muinín ionatsa, a Thiarna. I gCás Chanán3 B'fhuath leat go deimhin seanáitritheoirí do thíre naofa 4 mar gheall ar na nósanna fíorghráiniúla asarlaíochta agus na deasghnátha mínaofa a chleachtaídís. 5 Dúnmharfoirí éadrócaireacha leanaí ba ea iad, daoine a chaitheadh fleánna íobartacha a n‑ití feoil agus fuil dhaonna lena linn, daoine a glacadh isteach [i saobhchreideamh mire], 6 tuismitheoirí a bhásaigh naíonáin gan chosaint lena lámha féin. Chinn tú ar iad a dhíothú le lámha ár sinsear, 7 ionas go bhfaigheadh an tír ab ansa leat thar gach tír eile sa domhan a dhíol de choilínigh i gclann mhac Dé. 8 Mar sin féin, ó ba dhaoine iad, chaith tú leo go trócaireach, mar sheol tú cearnabháin chucu, mar réamtheachtairí roimh d'arm chun iad a dhísciú diaidh ar ndiaidh. 9 Ní amhlaidh nach raibh sé ar do chumas a ligean do na fíréin na héagráifigh a threascairt i gcath riartha nó iad a dhísciú le beithígh allta nó le haon fhocal géar amháin ar an toirt. 10 Nuair nár imir tú díoltas orthu ach diaidh ar ndiaidh, áfach, thug tú ré aithrí dóibh, bíodh gur mhaith ab eol duit, gur tháinig siad de dhrochphór agus go raibh an urchóid iontu ó dhúchas agus nach dtiocfadh athrú dá laghad ar a meon go brách na breithe, 11 mar ba mhallaithe an cine iad ón tosach. Ní amhlaidh ach oiread gur le teann eagla roimh dhuine éigin nár agair tú a ndrochbhearta orthu. 12 Óir cé ar féidir dó a rá leatsa: “Céard atá déanta agat?” Nó cé a chuirfidh in aghaidh do bhreithiúnais-sé? Cé a chúiseoidh thú i ndíothú ciníocha ar tú féin a chruthaigh iad? Nó cé a thiocfaidh os do chomhair sa chúirt chun cúis choirpeach a agairt leat? 13 Níl aon Dia eile ann seachas thú féin a bhfuil cúram na cruinne air le go gcaithfeá-sa a chruthú dó nár thug tú breith éagórach uait riamh. 14 Ní féidir le rí nó le tíoránach ar bith aghaidh a thabhairt ort ach oiread mar gheall orthu siúd a smachtaigh tú. 15 Ach ós cóir tú féin, is go cóir a riarann tú gach ní, mar is é do mheas nach mbeadh sé ag teacht le do chumhacht aon duine a dhaoradh nach mbeadh pionós tuillte aige. 16 Óir is í do chumhachtsa tobar na córa; is é an tiarnas atá agat ar an uile ní a thugann ort iad go léir a choigilt. 17 Taispeánann tú do chumhacht nuair nach dtugtar aitheantas d'iomláine do nirt agus daorann tú sotal na ndaoine a bhfuil eolas acu air. 18 Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agat is cneasta an bhreith a thugann tú agus rialaíonn tú sinn le trócaire. Óir, cibé uair is toil leat é, is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm. Ceacht19 Mhúin tú do do phobal leis na bearta sin nach foláir don fhíréan bheith cineálta; agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainne de bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí. 20 Óir má chuir tú pionós ar naimhde do sheirbhíseach féin - daoine a raibh an bás tuillte acu - lena leithéid sin de chúram agus de bhoigéis, agus cairde agus caoi á dtabhairt agat dóibh chun an urchóid a chur díobh, 21 nach go géarchúiseach chomh maith a thug tú breith ar do mhuintir féin, dream a ndearna tú lena sinsir conarthaí faoi mhionn a raibh gealltanais iontu a bhí ag tuar na maitheasa? 22 Mar sin de, tugann tú ceacht dúinne nuair a smachtaíonn tú ár naimhde [le barr measarthachta], le hionchas go ndéanfaimid dianmhachnamh ar do chineáltas nuair a bheidh breith á tabhairt againn, agus go mbeimid ag súil le trócaire uaitse, nuair a bheidh breith á tabhairt orainn féin. Smachtú na nÉigipteach23 Dá bhrí sin, na drochdhaoine a bhí ag tabhairt a saoil le baois, chiap tú iad lena n‑íola gráiniúla féin, 24 mar bhí siad tar éis dul rófhada ar strae ar an mbóthar mícheart. Is amhlaidh a mealladh iad mar pháistí baotha sa chaoi go raibh meas déithe acu ar na hainmhithe ba tháire agus ba shuaraí a bhí ann. 25 Dá dheasca sin, chuir tú mionphionós orthu ar dtús chun fonóid a dhéanamh fúthu mar a dhéanfá faoi pháistí gan chiall. 26 Ach nuair nár cuireadh comhairle orthu le mionphionóis a d'oirfeadh do pháistí, bhí pionós le fulaingt acu ab fhiú do Dhia a ghearradh orthu. 27 Óir, nuair a bhí siad ag fulaingt, tháinig olc orthu chun na nithe ar mheas siad gur dhéithe iad de bhrí gur tríothu-san a smachtaíodh iad; rud eile, chonaic siad agus d'aithin siad gurbh é an fíorDhia é an té a raibh siad tar éis diúltú dó roimhe sin. Sin é an fáth ar gearradh orthu an pionós ba dhéine dá raibh ann. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart