Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Eagna 11 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Eagna 11

1 Chuir sí an rath ar a saothar le cuidiú fáidh naofa.

2 Ghluais siad trí dhíthreabh neamháitrithe agus shuigh siad a mbothanna i bhfásaigh dhíbhealaigh.

3 Sheas siad in aghaidh a naimhde, chosain siad iad féin ar a lucht ionsaithe.

4 Nuair a bhí tart orthu, ghlaoigh siad ortsa, agus tugadh uisce dóibh as carraig rite chrua chun a dtart a mhúchadh.

Uisce mar Shás Slánaithe

5 Na nithe a bhí ina dtrúig smachtaithe dá naimhde, is tríothu a cuireadh an rath orthusan nuair a bhí siad i gcruachás.

6 In ionad síorfhoinse na habhann a suaitheadh agus truaillíodh le fuil théachta,

7 mar dhaorbhreith ar an reacht a d'ordaigh marú na naíonán, thug tú do na fíréin flúirse uisce nach raibh súil acu léi;

8 tar éis duit a thaispeáint dóibh tríd an tart a bhí orthu féin san am conas a smachtaigh tú a naimhde.

9 Óir nuair a cuireadh féachaint orthu féin - siúd is gur mhaolaigh an trócaire déine an chéachta - thuig siad conas a bhí na héagráifigh á gciapadh, ar tugadh daorbhreith orthu le teann feirge.

10 Mar rinne tú dream amháin a phromhadh, ag cur comhairle orthu mar athair; ach chéas tú an dream eile, ag tabhairt daorbhreith orthu mar rí cruachroíoch.

11 Is amhlaidh a bhí siad á gcrá nuair a bhí siad as láthair [na bhfíréan] chomh maith céanna agus a bhí siad nuair a bhí siad ina láthair.

12 Tháinig brón orthu a méadaíodh faoi dhó agus thosaigh siad ag éamh nuair a thug siad chun cuimhne céard a tharla dóibh.

13 Óir nuair a chuala siad gur tháinig rath ar na fíréin trí bhíthin a gcuid peannaidí féin thuig siad gurbh é an Tiarna faoi deara é.

14 An té a shéan siad go fonóideach nuair a caitheadh amach gan cosaint é tráth, rinne siad iontas de i ndeireadh na dála, mar níorbh ionann an tart a bhí orthu féin agus a bhí ar na fíréin.

Uilechumhacht agus Trócaire Dé i gCás na hÉigipte

15 Mar chúiteamh ar a mbaothsmaointe urchóideacha a chuir ar seachrán iad, sa chaoi go n‑adhraidís péisteanna díchéillí agus feithidí gránna, scaoil tú scata mór d'ainmhithe éigiallta leo chun díoltas a imirt orthu,

16 ionas go gcuirfí ina luí orthu go smachtaítear an duine leis na nithe a bpeacaíonn sé trína mbíthin.

17 Ní raibh sé thar acmhainn do láimhe uilechumhachtaí, a chruthaigh an domhan as bunábhar éagruthach scata mathghamhna nó leoin fhiáine a shaighdeadh ina n‑aghaidh,

18 nó brúideanna nuachruthaithe fíochmhara anaithnide a shá leo, a bheadh ag séideadh puthanna tintrí anála, nó ag brúchtaíl bréandeataigh go glórach, nó ag radadh spréacha aduafara as a súile,

19 agus a d'fhéadfadh iad a dhíothú ní amháin leis an drochíde a thabharfaidís orthu ach leis an scéin a chuirfeadh a ndreach orthu chomh maith.

20 Go fiú gan trácht ar na harrachtaigh sin ar aon chor d'fhéadfaí iad a leagan ar lár le haon phuth anála amháin, nuair a rachadh an díoltas sa tóir orthu agus a cháithfeadh d'anáil chumhachtach féin iad. Ach ní hé sin an rud a tharla, mar tá gach uile ní eagraithe agat de réir tomhais agus lín agus meáchain.

21 Óir is féidir duit cumhacht mhór a usáid i gcónaí, agus cé a fhéadann cur i gcoinne chumas do chuisle?

22 Mar i do láthair tá an domhan go léir mar dhúradán deannaigh a chuireann an mheá ó chothrom agus mar bhraon drúchta a thiteann ar an talamh go moch ar maidin.

23 Tá trua agat do gach uile ní mar is féidir leat gach uile ní a dhéanamh; scaoileann tú tharat peacaí an domhain le súil go ndéanfaidh siad aithrí iontu.

24 Óir tá grá agat do gach uile ní atá ann agus ní ábhar déistine duit aon ní dá ndearna tú. Mar dá mba fhuath leat ní ar bith ní bheifeá tar éis é a chruthú.

25 Conas a d'fhéadfadh aon ní maireachtáil murach gur toil leatsa é? Conas a d'fhéadfaí aon ní a chaomhnú dá mba rud é nach raibh gairm faighte aige uaitse?

26 Coiglíonn tú gach uile ní mar is leatsa iad, AThiarna, a chara na mbeo.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart