Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Eagna 10 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Eagna 10

An Eagna i Stair Iosrael Ó Ádhamh go Maois

1 Is í an eagna a chosain athair an domhain, an chéad duine a dhealbhaigh Dia, nuair nach raibh ann ach é féin, agus a d'fhuascail é óna choir

2 agus a thug cumhacht dó chun an uile ní a riaradh.

3 Nuair a thréig an drochdhuine í le teann feirge, bascadh é de dheasca a chuthaigh fhionaíolaigh.

4 Nuair a tháinig an díle ar an domhain mar gheall air, shábháil an eagna arís é; mar thug sí stiúradh don dea-dhuine trí phíosa beagmhaitheasach adhmaid.

5 Nuair a bhí na gintlithe ina gcíor thuathail, toisc iad a bheith ar aon aigne le chéile sa mhallaitheacht, is í an eagna a d'aithin an dea-dhuine agus a choimeád saor ó locht é i láthair Dé agus a chuir ar a chumas gan géilleadh don trua a bhí aige dá leanbh féin.

6 Nuair a bhí na héagráifigh á ndíothú, is í an eagna a tharrtháil an dea-dhuine, nuair a bhí sé ag teitheadh ón tine a tháinig anuas ar na cúig chathair,

7 mar a bhfuil anois, mar chruthú ar a mallaitheacht, fásach a bhíonn ag cur deataigh uaidh de shíor, agus plandaí a thugann torthaí uathu nach n‑aibíonn riamh, agus gallán salainn atá mar leacht cuimhne ar anam díchreidmheach.

8 Ó nár thug siad aird ar an eagna, ní hé amháin gur coisceadh iad ón mhaith a aithint, ach d'fhág siad cuimhne a mbaoise ag an saol freisin sa chaoi nach bhféadfaí a bhfaillí a cheilt.

9 Ach d'fhuascail an eagna a lucht freastail féin óna dtrioblóidí.

10 Nuair a bhí an dea-dhuine ag teitheadh ó fhearg a dhearthár, is í an eagna a threoraigh é ar bhóithre díreacha, agus a thaispeáin ríocht Dé dó, agus a thug eolas dó ar nithe naofa. Chuir sí rath ar a shaothar agus rinne sí a chuid oibre torthúil.

11 Nuair a tugadh faoi chalaois a dhéanamh air le barr sainte, sheas sise ceart dó agus rinne sí fear saibhir de.

12 Chosain sí ar a naimhde é agus chumhdaigh sí é orthu siúd a bhí ag déanamh luíocháin roimhe; thug sí an bua i ndianchomhrac dó chun go dtuigfeadh sé gur cumhachtaí an chráifeacht ná aon ní eile.

13 Níor thréig sise an dea-dhuine nuair a díoladh ina sclábhaí é; ach choimeád sí saor ó pheaca é.

14 Chuaigh sí síos sa charcair ina theannta agus nuair a bhí sé i ngéibheann, níor fhág sí é gur thug sí dó slat ríoga agus údarás ar an dream a bhí ag déanamh foréigin air; thaispeáin sí nach raibh ach lucht éithigh sa dream a rinne lochtú air agus thug sí dó clú buanmharthanach.

An tEaxodus

15 Is í an eagna a d'fhuascail pobal naofa, cine gan cháim, ó náisiún a bhí ag imirt foréigin orthu.

16 Chuaigh sí isteach in anam shearbhónta an Tiarna, agus sheas sí in aghaidh ríthe aduafara le héachtaí agus le comharthaí.

17 Thug sí luach a saothair do na dea-dhaoine agus threoraigh sí ar bhóthar iontach iad; bhí sí ina scáth dóibh i rith an lae agus ina réaltbhuíon lonrach dóibh ar feadh na hoíche.

18 Sheol sí iad trasna na Mara Rua agus thug slán iad trí uisce domhain.

19 Bháigh sí a naimhde ansin, agus chaith sí aníos arís iad as an duibheagán.

20 Dá thoradh sin bhain na dea-dhaoine a gcuid arm de na héagráifigh, agus chan siad iomann, a Thiarna, do d'ainm naofa agus mhol siad do lámh chosantach d'aon ghuth;

21 óir d'oscail an eagna béal na mbalbhán agus bhronn sí líofacht chainte ar naíonáin.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart